‘A Mhama, a Mhama, bosca mór do Bhrídín! Firín beag glas a raibh féasóg fhada ghorm air a thug do Bheartlí an Phosta é!’
Tháinig an mháthair amach agus bhailigh Beartlí leis.
‘A Mhaimín, a Mhaimín, oscail an bosca go tapa! Ceapann Beartlí go mb’fhéidir gur sióg atá ann! Corraigh leat, a Mhaimín, nó cá bhfios dúinn nach múchfaí istigh sa mbosca í?’
Ghearr an mháthair an téad. Bhain sí an páipéar den bhosca. Thóg sí an clár. Céard a bheadh ann, ina luí go deas cluthar sa bhosca mar a bheadh páiste i gcliabhán, ach an bhábóg is áille is is gleoite dá bhfaca súil riamh! Bhí folt órbhuí uirthi agus é ag titim ina bhúclaí triopallacha thar a bráid is thar a guaillí. Bhí luisne an róis ina leiceann. Is í an tsamhail a bhéarfainn dá béilín dhá chaorchaorthainn, agus ba gheall le péarlaí a déad. Bhí a súile dúnta. Bhí culaith gheal shíoda ag cumhdach a coirp, agus brat dearg sróil os a cionn sin amuigh. Bhí muince niamhrach de chlocha uaisle faoina píb, agus mar bharr ar na hiontais ar fad bhí mionn ríoga ar a ceann.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/story_board-87d1d99377fd11c4571c92a8a28084cf3f04c193285599320ad22586cfbaad3c.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 13