Bhí an mháthair ag oibriú léi taobh amuigh agus gan aon chuimhneamh aici go raibh an bás chomh gar sin do leanbh a croí. Bhí sí ag casadh poirt di féin agus á chrochadh go breá, nuair a chuala sí an tuairt – tuairt mar a bheadh rud éigin ag titim ar an urlár.
‘Céard é sin anois?’ ar sise léi féin. ‘Rud éigin a thit den bhalla, tá seans. Ní féidir gurb í Brídín a bhain leis?’
Isteach léi go deifreach. Is ar éigean nár thit an t-anam aisti le neart uafáis. Agus cérbh ionadh é?
Bhí a leanbh muirneach sínte ar an teallach agus a cóitín beag ar dearglasadh sa tine!
Phreab an mháthair chuici trasna na cisteanaí, thóg ina baclainn í, is bhain di an cóta. Ní raibh ann ach gur tharrthaigh sí í. Dá bhfanfadh sí leathnóiméidín eile, bhí sí rómhall. Bhí Brídín ina
dúiseacht anois agus a dhá láimh faoi mhuineál a máthar. Bhí sí ar croitheadh le teann faitís agus, ar ndóigh, ag gol, cé nach go rómhaith a thuig sí an scéal fós.
Bhí a máthair ‘á múchadh le póga is á bá le deora’.

19
Bairbre

Leathanach 19

Scéalta