Tamall dóibh ansin ag imeacht rompu agus iad ag féachaint ar pháirceanna féarmhara
is ar choillte barrghlasa is ar chruacha ceannarda is ar locha leathana is ar aibhneacha áille is
ar chathracha breátha mar a bheadh i bpictiúir iontacha agus iad ag breathnú orthu síos uathu.
Feiceann siad daoine ag obair. Cluineann siad beithígh ag géimnigh, agus páistí ag gáirí, agus cloig á mbualadh. Ach ní stadann siad ach ag síorimeacht nó godtagann siad go bruach na mara arís, agus ní sos dóibh ansin go
mbuaileann siad tír na hÉireann.'
Lean Eoghainín air ag labhairt mar seo ar feadh i bhfad, an sagart ag éisteacht le gach focal dá ndúirt sé. Bhíodar ag seanchas nó gur thit an dorchadas agus gur ghlaoigh an mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaigh an sagart abhaile ag machnamh dó féin.

18
Eoghainín na nÉan

Leathanach 18

Scéalta