Domhnach amháin dá raibh an pobal cruinn ag an Aifreann, d’iontaigh an sagart thart orthu,
agus ar seisean:
‘“Tá bean anseo,” ar seisean, “a thuillfeas damnú síoraí di féin
agus do chuile dhuine a dhéanfas caidreamh léi.
Agus adeirimse leis an mbean sin,” ar seisean, “gur bean mhallaithe í, agus adeirimse libhse gan caidreamh ná comharsanacht a bheith agaibh leis an mbean sin ach an oiread is a bheadh le deargadaol. Éirigh romhat anois, a Dheargadaoil,” ar seisean, “agus seachain comhluadar deadhaoine feasta.”
‘D’éirigh an bhean bhocht agus thug sí doras an tséipéil amach uirthi féin. Ní raibh d’ainm uirthi ó shin ach an Deargadaol. Ligeadh a hainm is a sloinne féin as cuimhne. Deirtí go raibh súil fhiata aici. Dá mbreathnaíodh sí ar ghamhain nó ar chaora nár léi, gheobhadh an beithíoch bás. Bhí faitíos ar na mná a gcuid páistí a ligean amach ar an tsráid dá mbeadh an Deargadaol ag siúl an bhealaigh.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/story_board-87d1d99377fd11c4571c92a8a28084cf3f04c193285599320ad22586cfbaad3c.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 5