‘Tháinig an Deargadaol anuas an sliabh an lá ar cuireadh í.
Ní ligfí isteach sa reilig í.
D’imigh sí a bealach suas an sliabh arís go huaigneach.
Bhí trua agam don chréatúr, mar bhí a fhios agam nár mhó ár mbrón-na ná a brónsa.
Chuaigh mé féin suas an cnoc maidin lá arna mhárach. Bhí fúm a rá léi nach raibh aon mhilleán agamsa ná ag mo bhean uirthi. Bhuail mé ar an doras. Ní bhfuair mé aon fhreagra. Chuaigh mé isteach sa teach. Bhí an ghríosach dearg ar an teallach. Ní raibh duine ar bith le feiceáil. Thug mé leaba faoi deara sa gcúinne. Chuaigh mé anonn go dtí an leaba. Bhí an Deargadaol ina luí ansin agus í fuar marbh.
‘Ní raibh aon rath ormsa ná ar mo chomhluadar ón lá sin amach. Cailleadh mo bhean mí ina dhiaidh sin agus í ag breith a linbh. Níor mhair an leanbh. Tháinig galar ar mo bheithígh an geimhreadh dár gcionn. Chuir an tiarna amach as mo sheilbh mé. Tá mé i m’fhear siúil, agus bóithre Chonnacht romham, ó shin i leith.’
Leathanach 11