Nuair a chuala an Prionsa Antinous faoi Leabhar na Mianta, tháinig éad an domhain air. Cén fáth a raibh leabhar draíochta ag na daoine bochta sin i Scheria agus gan ceann aige féin? Prionsa a bhí ann agus ba cheart dó gach rud a theastaigh uaidh a fháil. Ní raibh sé in ann codladh san oíche agus é ag smaoineamh air. Sa deireadh, bheartaigh sé an leabhar a fheiceáil - é a fheiceáil agus é a fháil dó féin.
Bhí an Prionsa Antinous an-chrosta an lá a tháinig sé ar a chapall go Scheria. De ghnáth bhíodh daoine ag féachaint suas air agus ag cromadh síos go humhal dó. Ach níor thug muintir Scheria aird ar bith air. Ní raibh suim acu san ór agus san airgead a bhí ar shrian a chapaill. Ní raibh meas ar bith acu ar a chlóca álainn, ar a bhuataisí móra dubha ná ar a choróin. D’fhéach sé in airde agus chonaic sé scata páistí ag eitilt agus ag tóraíocht a chéile thuas os a chionn. Tháinig fearg an domhain air.
‘Nach dtuigeann sibh cé mise?’ a bhéic sé leo. ‘Is mise an Prionsa Antinous! Stopaigí ag eitilt agus téigí ar bhur nglúine!
Ach rinne páistí Scheria gáire faoi agus lean siad lena gcuid cluichí.

8