Tháinig muintir Scheria le chéile agus labhair siad faoin méid a dúirt an teachtaire.
‘Beidh orainn rud a dhéanamh ar an bprionsa,’ arsa an sagart. ‘Is gadaí agus amadán é, ach bheadh sé contúirteach fearg a chur air nuair atá Leabhar na Mianta aige.’
‘Níl mise sásta umhlú dó,’ arsa an t-aoire. ‘Scrios sé gach sonas a bhí againn. B’fhearr liom imeacht as an áit seo. Agus molaim daoibh go léir an rud céanna a dhéanamh.’
‘Ach cá rachaimid?’ a d’fhiafraigh fear eile. Gabha a bhí ann a bhíodh ag deisiú uirlisí agus ag déanamh péirí bróg do na capaill.
Chroith an t-aoire a ghuaillí. ‘Go dtí na cnoic, is dócha.’
‘Tá sé éasca duitse sin a rá. Beidh na caoirigh go breá thuas sna cnoic. Ach ní féidir liomsa mo chuid oibre a thabhairt liom as an mbaile.’
‘Ná mise,’ arsa an tábhairneoir.
‘Ná mise,’ arsa an siúinéir.
Labhair mná agus fir eile ag an gcruinniú. Bhí siad buartha, imníoch, feargach. Ach d’aontaigh siad faoi dheireadh go mbeadh orthu umhlú don phrionsa. B’fhéidir go n-éascódh sé an saol dóibh agus nach ndéanfadh sé froganna díobh.

14