Déarfainn nach bhfaca tú riamh duine a bhí chomh lán de féin is a bhí an Prionsa Antinous an nóiméad sin. Bhí a leicne dearg agus a shúile lasta go bródúil, sotalach. Bhí gliondar ar a chroí go raibh fir, mná is páistí ag cromadh síos os a chomhair. Dá mbeifeá féin ag féachaint ar an bprionsa a sciob uait gach sonas, an mbeifeá sásta umhlú dó? Bhí duine amháin sa slua nach raibh in ann sin a dhéanamh.
An cuimhin leat Chloe, an cailín a d’iarr a bheith níos áille ná aon duine eile ar domhan? Bhí Chloe ag faire ar an bprionsa agus í dearg le fearg. Bhí fearg uirthi go raibh an Prionsa Antinous chomh sotalach, sásta leis féin. Ach bhí fearg uirthi léi féin freisin. Nach raibh sí féin cosúil leis an bprionsa nuair a fuair sí a mian ó Leabhar na Mianta? Ag smaoineamh uirthi féin a bhí sí, díreach mar a bhí seisean anois.

16