D’aontaigh muintir an bhaile leis an aoire. Bhí misneach agus dóchas as an nua acu. B’fhéidir go mbeadh seans acu Leabhar na Mianta a fháil ar ais. Ní raibh aon rud eile le rá. Ní fada go raibh na daoine fásta go léir ag máirseáil le chéile go dtí an pálás ríoga.
Dúirt siad leis na páistí fanacht i Scheria. Ach lean Chloe an slua agus í ag siúl go ciúin i measc na gcrann. Bhí sí buartha, brónach. Bhí cuid den locht uirthise as an stoirm, dar léi, mar gur bhéic sí ar an bprionsa agus gur chaith sí puiteach leis. B’fhéidir go mbeadh sé go deas leo murach an rud a rinne sí. Ba bhreá le Chloe go sciobfadh na daoine fásta Leabhar na Mianta as lámha an phrionsa. Ba bhreá léi go mbeidís sona sásta arís.
Nuair a shroich muintir Scheria an pálás, baineadh geit astu. Bhí caisleán mór tréan ar an gcnoc, san áit ina mbíodh an pálás. Agus bhí dragún ollmhór dearg ag geata an chaisleáin. Bhí deatach liath ag teacht as srón an dragúin agus ag éirí go mall sa spéir. Dá mbeadh fearg ar an dragún seo, thiocfadh lasracha tine as a bhéal.

20