‘A phrionsa uasail. Táimid anseo chun réiteach don chóisir.’
D’fhéach an prionsa go cúramach ar an trúpa thíos ag an ngeata. Ba chosúil go raibh sé sásta leo agus sméid sé a cheann.
‘Téigí go dtí an chistin. Tá an bia ar fad ansin. A Dhragúin, scaoil isteach iad.’
D’ardaigh an dragún a chorp go mall, doicheallach. Bhí ar na ceoltóirí agus a gcuid trucailí dul thairis go cúramach, agus a bholg mór thuas os a gcionn. Bhí eagla ar gach duine go dtí go raibh siad istigh sa chaisleán.
Bhí an-suim ag Chloe sa rud a chonaic sí. Thug sé dóchas as an nua di. Má bhí cóisir ag an bprionsa an tráthnóna sin, bheadh daoine eile ag teacht go dtí an caisleán. B’fhéidir go mbeadh seans aici féin dul isteach in éineacht leo.

24