Shín an dragún amach a chrúb agus bhuail sé an cloigín. Mar a tharla cheana, rinne sé go mall, doicheallach é. Stán sé ar Chloe agus tháinig eagla uirthi gur aithin sé í. Chrom sí síos a ceann agus lig sí uirthi go raibh rud éigin á lorg aici sa trucail. Níor chorraigh sí agus iad ag dul isteach. Chuala sí an prionsa thuas ag an bhfuinneog.
‘Sea? Go breá, tagaigí isteach. A Dhragúin, scaoil isteach iad.’
Ghluais an trucail go tobann, míshocair. Agus iad ag dul thar an dragún, bhraith Chloe an teas óna chorp, mar a bheadh tine mhór istigh ina bholg. Bhí gach duine rósta te agus iad in aice leis. Chrom sí a ceann arís agus eagla uirthi go raibh an dragún chun í a alpadh lena fhiacla géara. Ach ar aghaidh leo tríd an ngeata. Bhí sí istigh sa chaisleán!

26