Bhí gach sórt smaointe ag dul trí intinn Chloe. Bhí imní agus frustrachas uirthi, ar ndóigh, ach thar aon rud eile theastaigh uaithi an lámh in uachtar a fháil ar an bprionsa. D’fhéach sí go tapaidh ar na claimhte ar an mballa. B’fhéidir go mbeadh sí in ann troid a chur air. Ach thuig an Prionsa Antinous an smaoineamh a bhí aici. Ghluais sé trasna an tseomra agus sheas sé in aice leis na claimhte.
Thapaigh Chloe a seans. Rug sí ar an leabhar agus rith sí ar nós na gaoithe. Rith sí níos tapúla ná mar a rith riamh cheana. Baineadh geit as an bprionsa ach lean sé í. Chuala sí a choiscéimeanna troma ar an urlár.
‘Is tusa an óinseach!’ a scairt sé. ‘Chuaigh tú an bealach mícheart. Tá an staighre sa treo eile. Tá tú sáinnithe agam.’
Ach ní raibh Chloe ag rith i dtreo an staighre. Bhí sí ag druidim leis an bhfuinneog, áit a raibh an dragún ag stánadh isteach uirthi tamall beag roimhe sin. Díreach in am a d’oscail sí an fhuinneog. Bhí an prionsa ar tí breith suas léi nuair a chaith sí amach an leabhar. Bhí fearg an domhain ar an bprionsa.
D’fhéach siad amach an fhuinneog ar an leabhar ag titim ar an talamh in aice leis an dragún.