‘Ha!’ arsa an Prionsa Antinous go sona sásta.
Níor thug Chloe aon aird air. Chrom sí amach ar an bhfuinneog. ‘A Dhragúin, abair leis an leabhar cad é do mhian.’
‘Is tusa an óinseach,’ arsa an prionsa léi go magúil. ‘Nach cuimhin leat gur iarr mise mian an-speisialta? Is mise an t-aon duine atá in ann an leabhar a úsáid.’
‘Ní duine é an dragún’, a d’fhreagair Chloe, cé nach raibh sí cinnte faoi sin.
D’fhéach an bheirt acu síos ar an dragún arís agus iad ar bís. Bhí crann dubh dóite in aice leis an dragún agus chuir sé a chrúb san adhmad. Scríobh sé sa leabhar lena chrúb, agus litir amháin scáinte aige ar gach leathanach.
‘Mo mhian ná go mbeidh mianta an phrionsa ar ceal.’
Líon an t-aer le drithlíní draíochta. Thosaigh gach rud ag athrú. Bhí an domhan mór ag leá. D’fhéach an prionsa ar Chloe agus deora frustrachais ina shúile. ‘Nááá déan!’

35