An Smugairle Róin

Cén fáth a bhfuil tusa ag déanamh bróin?
A smugairle róin?

Cé a dúirt go bhfuil mise ag déanamh bróin?
Arsa an smugairle róin.

Cad atá ar siúl agat, a smugairle róin?
Ag ithe do lóin?
Cad atá ar siúl agat, a smugairle róin?

Tá mé i mo shuí ar mo thóin,
Arsa an smugairle róin,
Ag ithe mo lóin is ag déanamh bróin
Agus beidh mé anseo go dtí – fan go bhfeicfidh mé
– ceathrú tar éis a ceathair, ar a laghad,
san iarnóin.