Nuair a Bhí Uncail Toby ina Mhac Léinn

Nuair a bhí Uncail Toby ina mhac léinn
Thaitin go mór leis bheith ag léim

Léimeadh thar gheata, léimeadh thar chlaí
Léim i Meiriceá agus léim i gCiarraí

Léimeadh thar bhalla, léimeadh thar chnoc
Léim sa Rúis is i mBaile na bPoc

Léimeadh thar lochán, léimeadh thar dhraein
Léim i nGailimh, léim i mBairéin

Léimeadh thar bhóthar, léimeadh thar lána
Léim i gCorcaigh, léim i nGána

Léimeadh thar lochanna, léimeadh thar shrutháin
Go dtí gur bhris a chos chlé san Úisbéiceastáin.

(Ealaín: M. Ferrer)