Mianta… nó Mallachtaí? 

Fadó, fadó, rinne Janus dhá leabhar draíochta. Dia ab ea Janus a raibh maith agus olc ann. Thug Leabhar na Mianta gach mian duit – gach rud a theastaigh uait. Ach d’imir Janus cleas ar na daoine. Rinne sé an dara leabhar. Bhí sé an-chosúil leis an gcéad leabhar ach gur chuir sé do chuid mianta trí chéile. Ba é seo Leabhar na Mallachtaí. B’fhéidir gur léigh tú faoi cheana. Agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort a chloisteáil go raibh Leabhar na Mianta níos measa agus níos contúirtí ná Leabhar na Mallachtaí.

2