Mianta de Gach Sórt 

Na blianta fada ó shin bhí fear óg ag tabhairt aire dá chuid ainmhithe thuas ar shliabh ard. Aoire ab ea é. D’imigh gabhar amháin leis ar strae. Chuardaigh an t-aoire anseo is ansiúd ar an sliabh. Chuaigh sé isteach i bpluais. Bhí iontas air go raibh bord breá istigh sa phluais agus leabhar mór ar an mbord. Ní raibh léamh ag an aoire agus thug sé leis an leabhar go dtí an baile mór. Thaispeáin sé don sagart sa teampall é.

Bhí an-suim ag an seansagart sa leabhar aisteach seo. Thaitin an clúdach mór dearg leis agus na litreacha órga a bhí scríofa sa leabhar. Léigh sé na focail go cúramach.
‘An inseoidh mé duit cad atá scríofa anseo?’ arsa an sagart. Bhí a mhéara ar crith ag na sceitimíní a bhí air.
‘Le do thoil,’ a d’fhreagair an t-aoire.
‘Deir sé: Cad é do mhian?’
D’fhéach siad ar a chéile.
‘Inis dom, mar sin?’ arsa an sagart.
‘Inis duit cad é?’
‘Inis dom cad ba mhaith leat?’
‘Ba mhaith liom mo ghabhar Tabitha a fháil ar ais.’
Thóg an sagart peann ina lámh. Chuir sé i bpota é ina raibh dúch corcra. Scríobh sé amach mian an aoire ar an leathanach. D’fhan siad gan focal a rá.
Ní raibh siad ag fanacht ach cúpla nóiméad. Líon an t-aer le drithlíní draíochta a chuir sceitimíní orthu. Chuala siad méileach gabhair taobh amuigh den doras. An chéad rud eile, tháinig ainmhí beag ag sodar isteach sa seomra agus é sásta, sláintiúil.
‘Tabitha!’
Stán an bheirt fhear ar a chéile agus a súile ar leathadh le hiontas.

3