Nuair a bhuail an stoirm baile Scheria an oíche sin bhí sí fíochmhar. Bhí an ghaoth chomh láidir gur thit cuid de na tithe. Dhoirt an bháisteach gan stad gan staonadh. Na daoine a rith chun foscadh a fháil, bhraith siad go raibh siad ag snámh faoin uisce. I lár na stoirme chonaic siad splanc ollmhór tintrí ag bualadh an teampaill, a bhris ina smidiríní beaga. Thuig muintir an bhaile go raibh an Prionsa Antinous ag baint díoltais astu. Bhí eagla an domhain orthu faoi na rudaí uafásacha a bhí fós le teacht.
Tháinig siad le chéile ar maidin i measc na mballaí is na gcloch briste sa teampall. Bhí gach duine in ísle brí. Fear gránna, gangaideach ab ea an prionsa. Bhí Leabhar na Mianta aige anois agus é ábalta a rogha rud a dhéanamh.
‘Níl sé ceart ná cóir,’ arsa an gabha.
D’fhéach an sagart ar an teampall scriosta. ‘Is olc an scéal é.’
‘Tá an ceart agat,’ arsa an siúinéir, ‘agus níl ach dhá rogha againn. Is féidir linn imeacht as Scheria agus saol nua a thosú in áit éigin eile. Nó is féidir linn ár míle dícheall a dhéanamh an leabhar a fháil ar ais ón bprionsa.’
‘Ba cheart dúinn an leabhar a fháil ar ais,’ arsa an t-aoire. ‘Mise a fuair é thuas ar an sliabh. Ní leis an bprionsa é. Is le gach duine é.’