Ní raibh an caisleán ann níos mó. Ní raibh seomra ar bith lán le troscán, le seoda ná le dealbha órga. Ar an bplásóg lasmuigh den phálás ríoga, bhí an slua a tháinig go dtí cóisir an phrionsa ina seasamh thart. Bhí an Prionsa Antinous ann freisin ach ní raibh éadaí breátha air níos mó. Bhí a chairde agus a ghiollaí ag féachaint air agus é ar crith leis an bhfuacht agus an náire. Ní raibh air anois ach a bhrístíní.
Ba bheag nach raibh trua ag Chloe dó, go dtí gur scairt sé amach go feargach.
‘Faighigí an leabhar sin dom!’
Bhog cúpla duine i dtreo an dragúin go cúramach. Ach sheas seisean in airde ar a chosa deiridh, bhuail sé an t-aer lena sciatháin, agus lig sé búir chomh fíochmhar gur chúlaigh siad go tapaidh. Chaith na daoine a bhí in aice leis an dragún iad féin síos ar an talamh.
‘Má thagann sibh in aice liom chun an leabhar a sciobadh,’ a bhéic sé, ‘róstfaidh mé sibh le m’anáil tine agus ansin íosfaidh mé sibh.’ Ligh sé a bheola lena theanga fhada bhándearg. B’fhéidir gur mhaith leis duine éigin a róstadh lena anáil. Ach níor bhog duine ar bith.