Tá an scéim fónaice seo bunaithe ar na gutaí fada sa Ghaeilge.
Tá sé riachtanach go mbeidh daltaí in ann an difríocht idir fuaim an ghuta ghairid (gan síneadh) agus fuaim an ghuta fhada (le síneadh) a aithint. De ghnáth, is ionann fuaimniú ainmneacha na ngutaí agus fuaimniú na ngutaí fada.
Leis na cleachtaí seo, beidh daltaí in ann na gutaí a chloisteáil go hindibhidiúil agus i bhfocal agus tá réimse focail ann ag brath ar an rang. Le cleachtadh rialta, beidh siad in ann an fhuaim a aithint agus a rá go huathoibríoch, rud a chabhróidh leo tabhairt faoi fhocail nach eol dóibh agus iad ag léamh na Gaeilge.
Tá 4 shraith le gach guta fada: á, é, í, ó, ú ag tosú le focail 2/3 litir suas go focail le 6 litir agus níos mó.
Tá sé faoin múinteoir an tsraith cheart a roghnú de réir ranga agus cumais na bpáistí.
Tá quiz ag deireadh na gcleachtaí a thugann léirmheas ar ábaltacht an pháiste fuaim an ghuta fhada a aithint.
Tá na ceachtanna ar fad ar fáil ‘sna trí chanúint: Connacht, Mumhan agus Uladh.
Tá tuilleadh cleachtaí ar fáil ar na gutaí fada ‘sna leabhair As Go Brách A go D ag www.lamhchunta.com.