Bhí teach an t-am sin cúpla céad slat soir ó Dhroichead na Glaise Duibhe, le hais an bhóthair ar thaobh do láimhe deise ag tarraingt ar an Scríb duit. Ba mhinic roimhe sin a chonaiceas seanbhean ina seasamh i ndoras an tí sin, ach ní raibh aon aithne agam uirthi, ná níor chuir sí caint ná caidéis riamh orm. Bean ard chaol a bhí inti, a cloigeann chomh geal leis an sneachta, agus dhá shúil dubha, mar a bheadh dhá aibhleog, ar lasadh ina ceann. Ba bhean í a chuirfeadh scanradh orm dá gcasfaí dom in áit uaigneach de shiúl oíche í. Scaití bhíodh sí ag cniotáil nó ag cardáil agus í ag crónán os íseal di féin; ach is é an rud is mó a bhíodh sí a dhéanamh nuair a ghabhainnse an bealach, ina seasamh sa doras agus ag breathnú uaithi soir is anoir an bóthar go díreach is dá mbeadh sí ag fanacht le duine éigin a bheadh amuigh uaithi agus í ag súil leis abhaile.
Bhí sí ina seasamh ann an mhaidin sin mar ba ghnách léi, a lámh ar a súile aici, agus í ag breathnú uaithi soir an bóthar. Nuair a chonaic sí mise ag dul thairsti, sméid sí a ceann orm.
Chuas anon chuici.

3
An Bhean Chaointe

Leathanach 3

Scéalta