‘An bhfeiceann tú duine ar bith ag tíocht anoir an bóthar?’ ar sise.
‘Ní fheicim,’ arsa mise.
‘Cheap mé go bhfaca mé duine eicínt. Ní féidir go bhfuil mé ag dul amú. Féach, nach in fear óg ag déanamh orainn anoir?’ ar sise.
‘Dheamhan a bhfeicimse dhe,’ arsa mise. ‘Níl duine ar bith idir an spota ina bhfuilimid agus casadh an bhóthair.’
‘Bhí mé ag dul amú mar sin,’ ar sise. ‘Níl m’amharc chomh maith agus a bhí lá. B’fhacthas dom go bhfaca mé ag tíocht é. Níl a fhios agam céard atá á choinneáil.’
‘Cé atá amuigh uait?’ a deirim féin.
‘Mo mhac atá amuigh uaim,’ ar sise.
‘An bhfuil sé i bhfad amuigh?’
‘Ar maidin inniu a d’imigh sé go hUachtar Ard.’
‘Ach, ar ndóigh, ní fhéadfadh sé a bheith anseo go fóill,’ arsa mise. ‘Shílfeá gurb ar éigean a bheadh sé in Uachtar Ard faoi seo, agus a dhícheall a dhéanamh, murab ar thraein na maidine a d’imigh sé ón Teach Dóite.’
‘Céard seo atá mé a rá?’ ar sise. ‘Ní inniu a d’imigh sé ach inné – nó arú inné, b’fhéidir…Tá mé ag cailleadh mo mheabhrach.’
‘Más ar an traein atá sé ag tíocht,’ arsa mise, ‘ní bheidh sé anseo go ceann cúpla uair fós.’
‘Ar an traein?’ ar sise. ‘Cén traein?’
‘An traein a bhíos ag an Teach Dóite ag a dó dhéag.’
‘Níor dhúirt sé focal i ngeall ar traein,’ ar sise. ‘Ní raibh aon traein ag tíocht chomh fada leis an Teach Dóite inné.’
‘Nach bhfuil traein ag tíocht go dtí an Teach Dóite le na blianta?’ arsa mise, agus ionadh mór orm. Ní thug sí aon fhreagra orm, ámh. Bhí sí ag breathnú soir an bóthar arís. Tháinig sórt scanraithe orm roimpi agus bhíos ar tí bailithe liom.

4
An Bhean Chaointe

Leathanach 4

Scéalta