A fhad a bhí sí ag cur na gcnaipí isteach bhí sí do mo chroitheadh mar dhéanfadh
madra le francach.
"Sea, 'migh ort anois," ar sise, nuair bhí siad istigh aici agus na guaileáin i bhfearas arís orm.
Bhuail mé an doras amach go breá bog agus síos an bhuaile agus mo dhá láimh i bpócaí mo bhríste agam á choinneáil suas, mar dhea. Ní fada a chuaigh mé nuair chonaic Micilín Eoin arís mé agus seo chugam é, agus draid air ag magadh fúm.

"Bríste-ar-bhois!" ar seisean. "Bríste-ar-bhois! Hí-ú! Hí-ú!"
Theastaigh uaim é mhealladh in aice liom.
"Caith crúistín nó cloch liom agus tarraing ort mé," arsa mise.
"Caithfidh mé, a Bhríste-ar-bhois," ar seisean, agus chrom sé síos chun rud éigin a fháil a chaithfeadh sé liom. Sin é an uair a phreab mé chuige. Nuair a chonaic sé ag teacht mé, agus gan aon lámh in aon phóca liom, chuir sé béic as agus siúd leis agus é ag screadaigh.

Tháinig mé suas leis agus thug mé cor coise dó, agus shín mé ar an talamh é. Shuigh mé anuas air ansin agus sháigh mé a shrón síos sa talamh.
"Abair 'Bríste-ar-bhois' anois, a Mhicilín," arsa mise, agus chuir mé dorn cré síos laistigh dá léine. "Hop, a chapaillín," arsa mise leis agus mé síos, suas ar a dhroim.
Bhain mé sásamh mo chroí as agus bhí an-spórt agam air go ceann tamaill.

17
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 17

Scéalta