Chrom sí ar ghol, a mhic ó! agus níor theastaigh uaithi iad a thabhairt dom in aon chor,
ach bhain mé di iad. Ach, a dhuine! tharraing sí an teach orm leis an screadaigh; agus nuair tháinig
Mam bhain sí gach aon chnaipe acu díom; agus bhain sí mo chuid féin, leis, díom a bhí ar chorda agam.
D'fhiafraigh sí díom cá bhfuair mé iad go léir. D'inis mé di gur bhuaigh mé ó na buachaillí eile ar scoil iad—agus bhuaigh, leis.
Ach níor shásaimh sin Mam gan féachaint ar mo bhríste. Ní raibh cnaipe ann agam ach trí pholl déanta agam ann agus na guaileáin greamaithe le dhá bhuaircín adhmaid agus tairne trí órlach!
Dhein Mam beart náireach orm ansin. Chuir sí d'fhiacha orm an dá chipín agus an tairne a chaitheamh uaim agus an bríste a choinneáil suas le mo dhá láimh. Chaith mé trí lá mar sin go raibh mo chroí briste. Ach níorbh é sin a chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín Eoin ag magadh fúm. Ní fhéadfainn rith ina dhiaidh, tá fhios agat, agus chráigh sé mé.
An tríú lá chuaigh mé go dtí Mam. "A Mham," arsa mise, "cuir isteach na cnaipí dom, má-má-más é do thoil é. Ní ghearrfaidh mé amach aon cheann go brách arís. D'fhéach sí orm. Bhí sí ag iarraidh a dhéanamh amach cad é an fuadar a bhí fúm.
"Á! déan, a Mhaimí," arsa mise, "agus beidh mé i mo bhuachaillín mhaith."
"Um-m-in," ar sise, "ní fheadar don saol cad é an t-athrú seo atá ag teacht ort. Mar sin féin cuirfidh mé isteach iad; ach má bhíonn sé den tubaiste ort go gcuirfidh tú scian ar aon cheann eile acu bainfidh mé an craiceann díot."