D'éiríomar—mé féin is Daid—ar a cúig a chlog agus chuamar leis an ngealaigh don Daingean.
Ceithre cinn de bheithígh a bhí againn. Gach aon bhearna a bhuaileadh linn ar thaobh
an bhóthair, thugaidís faoi dhul isteach ann agus bhíodh Daid gach re nóiméad á rá liom
"'Jimín, a bhuachaill, rith rompu agus sáraígh iad sin;" nó "Preab isteach, a gharsúin, agus bagair amach í sin," nuair a bhíodh ceann acu tar éis dul i bpáirc éigin.
Is minic a bhíodh dhá chúrsa déag agam féin agus ag an mbeithíoch timpeall na páirce istigh sula ritheadh sé ina ceann gur cheart di dul amach ar an mbóthar arís.
Níorbh aon ní, áfach, an bóthar isteach gur thángamar ar an tsráid agus ar pháirc an aonaigh. Cheap mé nach raibh oiread stoic in Éirinn! beithígh, agus bulláin, agus ba, agus tairbh, agus caoirigh, agus iad go léir ag búirigh agus ag méiligh, agus iad ag rith trína chéile.
Bhí fear ag gabháil lár an aonaigh suas agus fiche bullán aige in aon scata amháin, agus triúr fear agus trí cinn de mhadraí ina ndiaidh agus "Habha-habha!" ag na fir agus "Babha-abha!" ag na madraí. Scaip siad a raibh rompu soir, siar.
Bhí seanduine ann is bó ar adhastar aíge. Rith scata beithíoch isteach idir é féin agus an bhó. B'éigean dó scaoileadh léi; ach bhí sé ag caint le binb agus ag lochtú daoine a mbíonn scata mór beithíoch acu agus a bhíonn ag iarraidh an duine bocht a chaitheamh d'uachtar na talún!