Scaipeadh na ceithre bheithíoch orm féin is ar Dhaid trí huaire; agus bhí ionadh mo chroí orm
aon uair amháin nuair a chuir Daid scaimh air féin chun cleithire mhóir fhada a raibh
maide ina láimh aige, agus dúirt leis, dar fia, go mbrisfeadh sé a mhuineál
Mheas mé féin nach raibh m'athair fiáin in aon chor, a dhuine. D'imigh an fear eile, agus is maith
an bhail air gur imigh mar, nuair a bhí sé tamall suas tríd an aonach, sin é an uair a tháinig an t-olc go léir ar Dhaid!
Timpeall a hocht a chlog tháinig na ceannaitheoirí ar an aonach. Fir ramhra ba ea iad ar fad. Casóga móra orthu, orlach de bhonn faoina mbróga acu; bróga geancacha orthu, coisbhearta leathair go glúine orthu; bata siúil ag gach fear agus rian a choda ar gach aon duine acu. Tháinig siad chugainne agus d'fhiafraigh gach duine acu de m'athair an mór a thógfadh sé ar na beithígh. Ní 'beithígh' a dúirt siad in aon chor ach 'ragaí' agus 'creatlacha' agus 'básacháin.'
"Ocht bpunt déag an ceann," arsa Daid.
Ara 'mhic ó! sin é an uair a dhéanaidís an chaint. Ar dtús cheap mé ón gcaint a bhí acu nár rugadh riamh leithéid mo Dhaid le sprionlaitheacht agus le neamhréasún; agus i bpáirt na mbeithíoch bocht, bheadh náire ar dhuine a admháil gur leis in aon chor iad!
Thagadh olc ar Dhaid uaireanta agus d'fhógraíodh sé síos iad go dtí an leac is teo agus is íochtaraí san áit úd a mbíonn tinte síoraí ann. Deireadh cuid acu sin leis gur túisce go mór a bheadh sé féin ann, agus deiridís leis na 'ceithre bhásachán' a bhreith abhaile leis agus gal tobac a thabhairt dóibh!