Ba é an chéad duine bhuail liom ná Micilín Eoin.
"Hanaman scian, a Mhicilín!" arsa mise, "fan uaim amach nó satalóidh mé ort!"
D'fhéach Micilín ar na bróga.
"Tá tú ceangailte den talamh acu," ar seisean.
Bhí siad an-ainnis, leis, orm, an dtuigeann tú, ach ní thabharfainn mar shásamh dósan go n-admhóinn é; ach díreach lena linn sin, agus an bheirt againn ag siúl síos an tsráid in aice an Bhainc, chuir mé mo chos ar chraiceann oráiste agus am briathar gur tógadh liom agus gur síneadh ar m'fhad agus ar mo leithead mé.
Ní hiad na bróga a leag in aon chor mé ach an craiceann tubaisteach; ach ní hé sin a dúirt gach aon duine a chonaic mé ach gurb amhlaidh nach raibh taithí ar bhróga agam, agus bhí Micilín féin ag gáire.

31
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 31

Scéalta