Nuair a tháinig an claíomh amach as an gcarraig, lig gach duine cnead. Thit an treoraí siar ar an talamh. Bhí a bhéal ar oscailt agus é ag stánadh in airde.
‘A Chlíona!’ a ghlaoigh a máthair uirthi. ‘Cuir ar ais é sin!’
Chroith Clíona a guaillí lena rá, Hé, ní ormsa an locht. Chuir sí an claíomh ar ais sa sliotán ina raibh sé cheana. Thosaigh sí ag teacht anuas den charraig.
‘Fan ort.’ D’éirigh an treoraí den talamh. ‘Déan an rud céanna arís. Le do thoil.’
D’fhéach Clíona ar a mam, a sméid a ceann. Tharraing sí an claíomh amach as an gcarraig arís. Go breá réidh a shleamhnaigh sé amach mar a rinne an chéad uair. Bhí Clíona an-sásta léi féin agus chroith sí an claíomh san aer.
‘Le do thoil. Lig domsa.’ Chuir an treoraí an claíomh ar ais sa charraig agus rinne sé iarracht é a scaoileadh arís. Bhí fonn gáire ar Chlíona. Bhí áthas uirthi gur theip ar an treoraí. Sa deireadh d’éirigh sé as. ‘Níl aon mhaith ann,’ ar sé. Chuimil sé an t-allas dá éadan bán.