‘Tabhair seans domsa.’ Fear mór a raibh tatúanna air a dúirt é. Bhí cuma bhagrach air agus a shúile ceilte ag spéaclaí móra gréine. Dhreap Chlíona anuas den charraig chun spás a thabhairt dó greim láidir a bhreith ar dhornchla an chlaímh. Agus bhí gáire maith aici arís. D’aclaigh an fear a chuid matán agus gach och agus ochlán á ligean aige le linn dó tarraingt go tréan. Níor chorraigh an claíomh oiread na fríde.
Bhí an treoraí trí chéile faoin am seo. Sméid sé anall ar Chlíona. ‘Ar mhiste leat, uair amháin eile?’
Léim Clíona suas láithreach. Ba mhór an spórt é rud a dhéanamh nuair a bhí ag teip ar na daoine fásta. Bhí dosaen guthán dírithe uirthi an uair seo. Ach ba chuma léi faoi sin.
‘Ta da!’ ar sí de gháire, agus an claíomh á luascadh aici.
‘Bí cúramach, a Chlíona,’ arsa a mam. ‘Tá sé géar, tá a fhios agat.’
‘Cad atá ar siúl agat, Dylan?’ Bean a raibh éadaí spóirt uirthi – a mham, is dócha – a bhí ag féachaint síos ar an mbuachaill a casadh le Clíona sa halla. Bhí Dylan ar leathghlúin agus a cheann cromtha mar ómós do Chlíona.
‘Tá mé ag umhlú dár gceannaire dlistineach. Molaimis an Bhanríon Clíona!’
‘Na bí amaideach,’ arsa mam Dylan. Ach iontas na n-iontas, chuaigh fear na dtatúanna síos ar leathghlúin. Rinne an treoraí an rud céanna. Lean gach duine iad go dtí nár fágadh ina seasamh ach mam Dylan agus mam Chlíona.

9