‘A leithéid de ráiméis! Pé draíocht aisteach atá ar bun, ní bheidh tusa i do bhanríon. Banríon Shasana? Clíona s’againne!’ Thosaigh a mam ag gáire. Bhí Clíona míshásta ar feadh nóiméid – cén fáth nach mbeadh sí ina banríon, dáiríre? – ach rinne sí féin gáire ansin. Bhí sí sásta nach raibh a mam crosta níos mó.
‘Caithfidh tú labhairt le lucht nuachta, mar sin féin,’ arsa Dylan.
‘Ach cad a déarfaidh mé?’ a d’fhiafraigh Clíona.
Shiúil Dylan go dtí an fhuinneog go mall, é níos smaointí ná nuair a phreab sé isteach sa seomra. D’fhéach sé amach go cúramach ó thaobh an chuirtín. ‘B’fhearr duit a rá leo nach mian leat a bheith i do bhanríon.’
‘Maith an plean,’ arsa mam Chlíona leis. ‘An rachaidh tusa síos chucu agus má fheiceann tú ceamaraí as Éirinn, abair leosan teacht anseo chugainn? Mura bhfeiceann, labhróimid le lucht an BBC.’
‘Ceart go leor.’ D’fhéach sé go tromchiallach ar Chlíona. ‘Ach creidim gur botún é seo. Léigh mé a lán faoin gclaíomh. Thug sé Sasana slán fadó agus ceapaim gur mhaith leis cabhrú linn arís. Ba cheart duitse a bheith i do bhanríon.’
‘Ach nach bhfuil banríon ann cheana? Nó rí?’ Thuig Clíona go tobann nach raibh mórán ar eolas aici faoi Shasana. Ach bhí banríon le feiceáil ar na boinn airgid go léir.
‘Fuair an bhanríon bás tamall ó shin agus tá rí ann anois.’

14