‘Pé rud.’ Thóg mam Chlíona a seaicéad deas dubhghorm amach as an gcófra, an ceann a bhíodh uirthi le dul chuig bialann agus áiteanna deasa eile. ‘Ach is féidir libhse i Sasana aire a thabhairt daoibh féin. Más maith leat cabhrú linn anois, labhair le roinnt iriseoirí chun gur féidir linn fógra a dhéanamh faoin scéal seo ar fad.’
Chroith Dylan a ghuaillí agus d’fhéach sé arís ar Chlíona sular shiúil sé amach. Bhí húdaí dearg air a bhí níos deise ná an T-léine dhubh.
‘A Bhean Uí Liatháin, caithfidh go bhfuil tú an-bhródúil as d’iníón?’
Go díograiseach a chuir an láithreoir teilifíse an cheist. Bhí an troscán socraithe aige i seomra mór san óstán, Clíona agus a mam ina suí le chéile ar tholg agus cathaoir aige féin. Bhí mícreafón fada clúdaithe le fionnaidh thuas san aer os a gcionn agus greim ag innealtóir fuaime air. Bhí bean eile i gceannas ar dhá sholas arda, geala a bhí le feiceáil in ocht scáthán a osclaíodh amach sa seomra. Bhí súile Chlíona dallta ag an solas go léir ach chonaic sí scáileanna i gcúl an tseomra, Dylan agus a mham mar aon leis an treoraí, a bhí tar éis sleamhnú isteach leis an gcriú ceamara.
‘Cinnte tá mé bródúil aisti. Ach ní toisc gur tharraing sí claíomh as carraig. Dea-ádh a bhí ansin. Nó draíocht. Tá mé bródúil aisti ar a lán cúiseanna eile.’
‘An dóigh leatsa gur draíocht a bhí ann?’ a d’fhiafraigh an láithreoir de Chlíona. Chonacthas go raibh an-suim aige a freagra a chloisteáil i ndáiríre.

15