‘Ach ná bígí buartha, táimid níos réchúisí ná mar a bhíodh. Nuair a chasfaidh na mná leis an Rí, is ceadmhach feacadh beag glún a dhéanamh. Ní mholaim feacadh mór don té nach bhfuil cleachtaithe air. Cromann fear a cheann mar umhlú. Ní chroithtear lámh leis an Rí ná ní chuirtear lámh riamh air. Is féidir libh “A Mhórgacht Ríoga” a rá an chéad uair a labhróidh sibh leis, agus “A Dhuine Uasail” ina dhiaidh sin. Sin a bhfuil.’ Rinne sé meangadh, ach ní meangadh cairdiúil a bhí ann. ‘Glaofar isteach sibh go luath.’
Thiontaigh an fear agus d’imigh sé. Bhí beirt searbhóntaí eile sa halla, iad gléasta in éide órga agus gorm. D’oscail siad dhá mhórdhoras órga dó.
‘Cad atá cearr?’ a d’fhiafraigh Clíona de Dylan.
‘Nach breá an rud dó labhairt linne faoi dhea-bhéasa, nuair a fuadaíodh sinn sa héileacaptar.’
D’aontaigh mam Chlíona leis. ‘Tabharfaidh mise feacadh glún dó ceart go leor.’
Osclaíodh an dá dhoras. Chuala siad guth searbhónta. ‘Tá cead agaibh teacht isteach.’
Shiúil an triúr acu isteach i seomra a bhí chomh maorga, maisithe is a bhí an halla. Bhí ceithre choinnleoir ollmhór gloine á lasadh. Murach go raibh sí chomh buartha, bheadh Clíona an-sásta siúl ar an mbrat galánta agus féachaint in airde ar an solas ag glioscarnach ar imill na gloine, é dearg, gorm agus ildaite.

23