Bhí fear ina sheasamh os comhair pictiúir a thaispeáin ridire ar mhuin capaill. Bhí sé meánaosta, a aghaidh dearg agus gan mórán gruaige air. Bhí sé gléasta go simplí: culaith, carbhat gorm agus ciarsúr gorm ag gobadh amach as a phóca. Bhí fear níos óige in aice leis agus éide mhíleata air. Bhí an searbhónta aosta ann freisin. Chomharthaigh seisean don triúr druidim ina dtreo.
‘Fáilte romhaibh, a Chlíona Ní Liatháin, a Ailbhe Bean Uí Liatháin agus a Mháistir Dylan Jones. Cuirim a Mhórgacht Ríoga, an Rí, in bhur láthair, mar aon leis an Ridire Sir Christopher Renshaw.’
Níor chorraigh aon duine. D’fhéach an searbhónta ar Chlíona le tabhairt le fios di feacadh glún a dhéanamh. Ina áit sin, d’fhill a mam a lámha ar a hucht.
‘Is deas casadh leat,’ arsa Clíona go socair, a ceann in airde.
‘Ó is deise liomsa go mór é,’ arsa an Rí. Ghlac sé céim chun tosaigh agus shín sé amach a lámh, rud a chuir iontas ar Chlíona. Chroith sí a lámh. ‘Táimid an-sásta an seans a fháil labhairt libh,’ ar sé.
D’fhéach Clíona ar Dylan go tapa. ‘Ní raibh mórán rogha againn, an raibh?’ ar sí.
‘Tá an-bhrón orm má bhraith sibh é sin. Ach is ceist phráinneach í seo, an méid a tharla leis an diabhal claíomh.’
‘Cad atá uaibh, abair linn?’ a d’fhiafraigh mam Chlíona.
Rinne Sir Christopher meangadh teann. Bhí lámh amháin i bpóca a sheaicéid agus chomharthaigh sé leis an lámh eile.

24