Ghearr mé an ceangal go haclaí agus deirimse leat gur bhaineamar súlach as na rudaí ar fad.
De réir mar d'ithimís greim aráin thógaimis lán spúnóige den tsubh!
Nuair a bhí ár ndóthain ite againn bhí an tsubh i bhfad síos sa phróca, ach cheangail mé an páipéar go haclaí arís air agus chuir mé thar n-ais sa chupard é mar bhí sé cheana.
Is mór an trua nach mbíonn Mam sa Daingean gach aon lá.
Fuair mé féin casúr ansin agus tairní beaga agus bhí Cáit ag síneadh eidhneáin agus cuilinn chugam. Chuireamar timpeall na bhfuinneog é agus ar bharr an driosúir agus os cionn na tine.
Bhíodh sé deacair é cheangal in áit nach mbíodh adhmad, agus chaithinn tairní móra a thiomáint sa bhalla. Thiteadh scailpeanna den mhoirtéal anuas uaireanta.
Nuair a bhí an teach críochnaithe againn rugamar ar "Sailor" —sin é an madra, tá fhios agat—agus chlúdaíomar ó cheann go heireaball é le cuileann agus bhí an-spórt againn air.
Nuair a tháinig an tráthnóna lasamar an lampa. Bhí cuma aerach ar an teach.
Bhí an oíche ann nuair a tháinig Mam is Daid abhaile. Nuair a tháinig Mam isteach mheasamar go mbeadh an-áthas uirthi, ach is amhlaidh a dein sí raic, a mhic ó, nuair a chonaic sí na scailpeanna moirtéil imithe den bhalla. B’éigean dom féin teitheadh gur tháinig sí chun suaimhnis. Is deacair daoine a shásamh.
Cáit d’inis dom lá arna mhárach cad a thug Mam ón Daingean. Thug sí naoi gcoinneal mhóra fhada léi agus iad ina seasamh sa chliabh, agus bhí trí cinn acu dearg.