Bhí siad chomh hard leis an bhfuinneoig, a dhuine, agus thug sí lán an bhosca de rísíní agus
de shiúcra agus de thae léi, agus bairín mór breac ón siopa.
Agus bhí buidéil ann - buidéil a raibh deoch bhuí iontu agus buidéil eile a raibh rud
éigin gorm-dhearg iontu agus crúsca mór lán de stuif dhubh.
Bhí cnapán mór feola, leis, aici. Chuala gur thug sí úlla, leis, léi, ach ní bhfaighimisne an oíche sin
aon cheann acu toisc a raibh de dhíobháil déanta againn leis na tairní. Chuir sí iad go léir isteach sa chupard agus chuir sí an glas air sin.

Lá arna amárach mharaigh Mam gé agus lacha. Nuair bhí an ghé fuar chuir Mam páipéar timpeall ar a ceann agus bhain sí di na cleití agus chuir ar crochadh ar chúl an dorais í.
Oíche Nollag bhí an-saol againn! Fuair mé féin agus Cáit dhá thornapa mhóra agus bhaineamar a leath díobh agus ansin chuireamar poll síos iontu chun na coinnle a chur ina seasamh iontu. Ansin shámar craobha beaga cuilinn i ngach tornapa acu, agus chuir Cáit páipéar timpeall orthu. Bhí siad go gleoite, a dhuine, agus lasamar iad sula dtáinig an oíche in aon chor; ach mhúch Mam arís iad.

Istoíche chuir mo Mham prátaí agus iasc ar an mbord chugainn ach, am baice, níor ith mé féin na Cáit aon phioc de mar bhí 'fhios againn go raibh rudaí eile ag teacht. I gceann tamaill tharraing Mam amach an císte mór breac agus ghearr sí dúinn é agus dhein sí tae, agus fuaireamar dhá úll uaithi.

37
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 37

Scéalta