Thiontaigh Merlin agus chuir sé an claíomh ar ais sa chás.
‘Is fada an lá ó rinne ríthe agus banríonacha maitheas ar bith sa tír seo. B’fhearr do na daoine gan rí a bheith acu. Inis an fhírinne amárach agus beidh gach rud go breá.’
Leis sin chrom Merlin a cheann le Clíona agus shiúil sé go gasta go dtí an taobh thall den seomra.
‘Fan go fóill!’ arsa Dylan. ‘Le do thoil.’
‘Ach ní raibh mise anseo in aon chor.’ Níor stad Merlin dá shiúl, sheas sé isteach i scáthán ard agus d’imigh sé as radharc.
Rith Clíona go dtí an scáthán agus Dylan sna sála uirthi. Ach ní raibh rud ar bith aisteach le feiceáil ann. Bhí an ghloine crua, mar a bhíonn i scáthán de ghnáth.
D’fhéach Clíona ar Dylan. Chonaic sí díomá ar a aghaidh ach ní fada gur tháinig meangadh air.
‘Ní chreidim gur casadh Merlin orm!’ D’ardaigh sé a lámh agus léim Clíona in airde lena bos a bhualadh ar a bhos siúd.

34