Caibidil 8 Fírinne an Scéal 

B’iontach an lá é i Londain. Tháinig na mílte duine go Westminster chun Clíona agus an claíomh draíochta a fheiceáil. Bhí bratacha na hÉireann agus na Breataine crochta ar fud na sráideanna. Bhí Clíona, Dylan agus mam Chlíona ag druidim leis an bpálás ach bhí an carr ag gluaiseacht go han-mhall. Bhí an slua ar gach taobh ag béicíl agus ag bualadh bos.
‘Seo duit, a Chlíona, do dhaid atá ann.’ Thug a mam an guthán di.
‘Haigh, a Chlíona.’
‘Haigh, a Dhaid.’
‘Lá mór duit. An bhfuil tú ceart go leor?’
‘Tá mé go breá, a Dhaid.’
‘Éist, a Chlíona. An dtuigeann tú nach gá duit aon rud a dhéanamh ar son an airgid? Níl mórán againn ach beimid ceart go leor.’
‘Tuigim é sin. Ná bí buartha.’
‘Agus níl aon duine ag cur brú ort, an bhfuil?’
‘Tá, sórt. Ach tá sé an-simplí, a Dhaid. Tá mé chun an fhírinne a insint.’
Labhair a daid go mall. ‘Tá tú an-stuama, a Chlíona. Inis an fhírinne agus ní bheidh cúis náire ar bith agat... Agus a Chlíona?’
‘Cad é?’
‘Pé rud a tharlaíonn, beidh grá agam duit i gcónaí.’
‘Cé nach mise Banríon Shasana?’
Rinne a daid gáire. ‘Bí cinnte de.’
‘Slán go fóill, a Dhaid.’ Stad an carr agus d’oscail garda slándála an doras. Chuala siad béic mhór áthais ón slua ar gach taobh.
‘Slán, a stór.’

35