Thiontaigh Clíona ar ais go dtí na ceamaraí. Bhí cnap ina bolg. Bhí fearg na bhfear ag cur eagla uirthi. Bhí sé níos deacra labhairt amach ná mar a cheap sí ar dtús.
‘Caithfidh sibh a thuiscint gur thairg an Rí agus Sir Christopher cúig mhilliún punt dom chun go ndéarfainn gurb é siúd an rí dlistineach.’
‘Is bréag é sin!’ a bhéic Sir Christopher.
‘Bhí mé sásta glacadh leis an airgead. Níor theastaigh uaim a bheith i mo bhanríon. Theastaigh uaim dul abhaile. Ach ansin chas mé le Merlin. Dúirt sé liom gur fada an lá ó rinne ríthe agus banríonacha maitheas ar bith sa tír seo. Dúirt sé go mbeadh gach rud go breá dá n-inseoinn an fhírinne. Agus sin a rinne mé.’
Bhí greim ag Clíona ar an gclaíomh. Ach d’ardaigh sé as a stuaim féin anois. Scaoil sí leis agus d’éirigh Excalibur san aer go lúbach, splancúil. Chiúnaigh an ruaille buaille sa seomra. Thit tost ar gach duine agus iad ag stánadh ar an taispeántas draíochta. Las an claíomh go soilseach, tháinig torann uaidh mar a bheadh plimp thoirní, lúb sé san aer arís eile agus d’imigh sé as radharc.
‘Seo linn.’ Rug ambasadóir na hÉireann greim láimhe ar Chlíona agus ar a mam. Dheifrigh siad amach go dtí carr dubh. Bhí an slua lasmuigh ag faire ar scáileán mór. Ní raibh focal astu. An raibh fearg orthusan freisin? Ní raibh siad ag bualadh bos ar aon nós.
Bhí tiománaí sa charr agus d’imigh siad leo. Chonaic Clíona meangadh ar ar aghaidh a mam.
‘Cad é?’
‘Chuir do dhaid teachtaireacht chugat.’ Thaispeán sí an guthán do Chlíona.
Mé bródúil asat.

39