Labhair an t-ardeaspag le Clíona go sollúnta. ‘An mian leatsa, an té a tharraing an claíomh ón gcarraig, a bheith i do bhanríon ar Shasana?’
Labhair Clíona go breá láidir ionas gur chuala gach duine í. ‘Ní mian.’
‘Agus an bhfeiceann tú aon duine anseo ar cheart an dínit a thabhairt dó suí i Ríchathaoir Shasana?’
Bhí freagra Chlíona socraithe roimh ré: déarfadh sí go raibh sí sásta go mbeadh an Rí ina oidhre dlistineach ar an ríocht. Ansin leagfadh sí bior an chlaímh ar a ghuaillí. Ach níor thug sí freagra ar an gceist. Bhí fiche ceamara ar a laghad ag taifeadadh na hócáide.
D’fhéach an rí suas uirthi.
‘Agus an bhfeiceann tú aon duine anseo ar cheart an dínit a thabhairt dó suí i Ríchathaoir Shasana?’
Bhí an t-ardeaspag beagnach mífhoighneach agus an cheist á rá arís aige.
‘Ní fheicim,’ arsa Clíona. ‘Dúirt Merlin liom go mbeadh sibh níos fearr as gan rí ná banríon.’
Uafás agus ruaille buaille.
‘Cad a dúirt tú?’ Bhí an t-ardeaspag trí chéile.
‘Nach dána an mhaise duit é!’ Sheas an Rí agus alltacht air. Bhí Sir Christopher dearg le fearg.
Sheas na polaiteoirí go léir agus pus orthu. Dhruid mam Chlíona in aice léi chun aire a thabhairt di.
‘Fealltóir!’ a bhéic Sir Christopher. ‘Is tréas é seo.’
Scread cuid de na fir amach gur aontaigh siad leis. Tháinig na saighdiúirí ina dtreo.

38