Brón ar an mbás, ’sé dhubh mo chroíse,
d’fhuadaigh mo ghrá is d’fhág mé cloíte,
gan caraid gan compánach faoi dhíon mo thíse,
ach an léan seo im’ lár, is mé ag caoineadh.
Ag gabháil an tsléibhe dhom tráthnóna
do labhair an éanlaith liom go brónach,
do labhair an naosc binn is an crotach glórach
ag faisnéis dom gur éag mo stórach.
Do ghlaoigh mé ort is do ghlór ní chualas,
do ghlaoigh mé arís is freagra ní bhfuaras,
do phóg mé do bhéal, is a Dhia, nárbh fhuar é! –
och is fuar í do leaba sa gcillín uaigneach.
’S a uaigh fhódghlas ’na bhfuil mo leanbh,
a uaigh chaol bheag, ós tú a leaba,
mo bheannacht ort, is na mílte beannacht
ar na fóda glasa atá os cionn mo pheata.
Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh,
leagann sé úr is críon le chéile –
’s a mhaicín mhánla, is é mo chéasadh
do cholainn chaomh bheith ag déanamh créafóig’!

7
An Bhean Chaointe

Leathanach 7

Scéalta