‘Tá siad seo réidh agam lena aghaidh nuair a thiocfas sé,’ ar sise.
‘Nigh mé na báiníní inné thar éis imeachta dhó – ní hea, arú inné– níl a fhios agam i gceart cén lá ar nigh mé iad; ach ar chuma ar bith beidh siad glan tirim roimhe nuair a thiocfas sé… Cé hainm thú féin?’ ar sise go tobann tar éis scaithimh di ina tost.
D’insíos di. ‘Muise, mo ghrá thú!’ ar sise. ‘An t-ainm ceannann céanna is a bhí – a-a-a-atá – ar mo mhac féin. Cé leis thú?’ D’insíos di.
‘Agus an ndeir tú liom gur mac le Seán Fhéichín thú?’ ar sise.
‘Bhí d’athair sa teach ósta in Uachtar Ard an oíche údan…’ Stop sí go tobann leis sin, agus tháinig athrú éigin uirthi. Chuir sí a lámh ar a cloigeann. Cheapfá gur buille a buaileadh uirthi. Shuigh sí os comhair na tine ansin agus d’fhan sí ar feadh scaithimh ag féachaint roimpi isteach i gcroí na tine. Ba ghearr gur thosaigh sí á bogadh féin anonn is anall os cionn na tine agus ag crónán nó ag caoineadh os íseal. Níor thuigeas na focail i gceart, nó b’fhearr liom a rá nach ar na focail a bhíos ag cuimhniú ach ar an gceol. Chonacthas dom go raibh uaigneas na gcnoc in am marfa na hoíche, nó uaigneas na huaighe nuair nach gcorraíonn inti ach na cruimheanna, sa cheol sin. Seo iad na focail de réir mar a chualas ó m’athair ina dhiaidh sin iad:

6
An Bhean Chaointe

Leathanach 6

Scéalta