"Cá bhfuil tú ag dul?" ar sise, ach am briathar nach ndúirt mise aon fhocal ach an doras a oscailt
agus cur díom. Lean sí amach mé agus nuair a chonaic sí mé ag casachtaigh agus ag glanadh mo bhéil:
"Ha-ha-há!" ar sise, "a alfraits, ní déanfainn dabht díot. Nach fiosrach a bhí tú!"
Ba ghránna an saghas ruda é.

Bhí sé déanach nuair a chuamar a chodladh an oíche sin mar bhí Mam ag ullmhú na gé i gcomhair Lá Nollag. Bhain sí amach a raibh istigh inti is nigh agus ghlan í agus ansin líon sí arís í le prátaí brúite agus oinnúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile, agus dhein sí é dhingeadh isteach inti.
Ansin fuair sí snáthaid agus d'fhuaigh sí í. Bhí mé féin agus Cáit ag faire uirthi.
Maidin Lá Nollag chuaigh Cáit agus mo mháthair go dtí an chéad Aifreann. Bhí mé féin agus Daid i mbun an tí. A fhad a bhí Daid ag crú na mbó chuaigh mé féin ag féachaint ar na rudaí go léir a bhí sa chupard. Thóg mé úll agus líon mé póca liom de rísíní, agus bhí smut den mbairín breac ann gearrtha agus chuir mé chugann é sin, leis.

Nuair a bhí mé ag dúnadh an chupaird arís, bhuail smaoineamh mé; rug mé ar an mbuidéal buí agus leath-líon mé cupán as. Bhlais mé é, ach a bhuachaill ó! dá olcas é an stuif dhubh aréir roimhe sin ba sheacht measa an rud buí. Dhófadh sé thú, a dhuine! Ansin ní fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaoigh mé ar an madra agus chuir mé faoina phus an cupán, ach ní fhéachfadh sé air, a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur as.

39
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 39

Scéalta