Nuair a bhí athair Mhicilín ag dul thar doras thug Mam isteach é agus thug sí braon
as buidéal dó—buidéal a raibh trí réiltín air—agus thug sí braon beag do Dhaid, agus
fuair sí féin braon as buidéal eile, agus dúirt siad go léir
"Go mbeirimid beo ar an tráth seo arís!"—pé brí a bhí acu leis.

Tháinig Beit Mhór agus Máire Aindí isteach agus chuir mo mháthair braon as an mbuidéal buí in dhá ghloine agus ansin chuir sí siúcra agus uisce beirithe iontu agus chorraigh sí le spúnóig iad.
Cheap mé nach n-ólfaidís sin in aon chor ar dtús é. Dúirt Máire Aindí: "Ó! go maraí sé mé má bhlaisim aon bhraon de!" ach, mar sin féin, d'ól sí é go léir, agus níor mharaigh sé, leis, í.
Tháinig a lán eile isteach i rith na hoíche—fir óga agus is as an gcrúsca mór a thug Mam an deoch dóibh sin.

Dar fia! a mhic ó! nuair a chonaic mé iad go léir ag ól tháinig dúil mhallaithe agam féin ann. Nuair a chuaigh Daid amach le hathair Mhicilín, agus bhí Mam ag caint leis na mná in aice na tine, thug mé féin slog as an gcrúsca, a dhuine. Ach is láidir nár mharaigh sé mé leis an mblas a bhí air. Ní fhéadfainn é a scaoileadh siar agus bheadh eagla orm é chaitheamh as mo bhéal ar an urlár. Seo liom ag baint an dorais amach agus mo bhéal lán. Chonaic mo mháthair ag dul amach mé.

38
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 38

Scéalta