Caibidil 6: Lá an Dreoilín

Nuair a bhí an dinnéar caite agam Lá Nollag chuaigh mé ar lorg Mhicilín Eoin. Thugamar tamall ag caitheamh caidhtí agus tamall eile ag caitheamh tobac as píopa a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a athar.
Nuair a bhí an tobac caite againn bhíomar ag iarraidh cuimhneamh ar cad a dhéanfaimis.
Bhíomar i bhfad ag cuimhneamh ar rudaí ach ceann acu ní raibh chun ár sásaimh.
Sa deireadh d'éisteamar ar fad. Sin é an uair a rith an rud i m'aigne féin.

"Hanaman scian, a Mhicilín!" arsa mise, "'bhfuil 'fhios agat cad é?"
"Cad é?" arsa Mícilín.
"Bíodh Dreoilín amárach againn!" arsa mise.
"Hanaman diucs, bíodh!" arsa Micilín, agus an dá shúil ag dul amach as a cheann.
"Agus beidh mise i m'amadán."
(Sin é an fear a mbíonn an lamhnán gaoithe aige sa Dreoilín, tá fhios agat, agus é ag bualadh gach duine leis.)
"Beidh mise i mo chaptaen," arsa mise.
"Agus cé bheidh ina óinsigh?" arsa Micilín.
Ba shin ceist chrua le réiteach.
Chuimhníomar ar Cháit seo againne agus chuamar chun an scéal a chur faoina bráid; ach, a dhuine, nár spriúch sí.

44
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 44

Scéalta