"Is mór an náire daoibh é!" ar sise, "an dreoilín bocht a mharú agus bheith ag siúl ar thithe
na dúiche ag lorg airgid dá bharr sin."
Nach é a sceith ar ár Slánaitheoir," arsa mise; "agus nach maith atá sé tuillte aige é mharú."
"Má sea ní hé an dreoilín a bheidh agaibhse a sceith Air," arsa Cáit.
"Murarbh é, mhuise!" arsa mise, "ba é a dhaid críona dhein é, agus is den aon treibh amháin lad."
Ach níorbh aon mhaitheas bheith ag gabháil do Cháit. Dúirt sí linn imeacht lenár sean-Dreoilín gan mhaith, nach ndéanfadh gearrchaillí in aon chor na rudaí gránna a dhéanann buachaillí. Ní rachadh sí in aon Dreoilín.
Ní bhíonn aon mhaith sna sean-chailíní sin.
Bhí mé féin is Micilín i gcruachás. Ní bheadh aon mhaith inár nDreoilín cheal óinsí. Thriaileamar cailíní an bhaile ar fad ach ní thiocfadh aon duine acu linn.
"Caithfimid éirí ar fad as," arsa Micilín.
"Ní éireoimid," arsa mise; "cuirfimid éadach óinsí ar bhuachaill éigin."
Leis sin, ghlaomar chugainn ar na leaideanna eile agus d'insíomar dóibh an rud a bhí beartaithe againn i gcomhair an lae amáraigh. Bhí sceitimíní áthais orthtu go léir.
"Caithfidh cuid agaibh éadach ban a bheith oraibh," arsa mise.
Níor bhraith mé aon bhreis áthais orthu ina thaobh sin.
"Ní rachaidh mise in aon éadach mná,'" arsa Tadhg Learaí Bhig.