Theastaigh ó Mhicilín arís go n-éireoimis as an scéal toisc gan an t-éan beag a bheith againn;
ach dúirt mise go ligfimis orainn go raibh sé istigh i neid i lár an toir cuilinn againn agus
nach ligfimis d'aon duine féachaint air. Ní raibh Micilín sásta ar fad, cé gur ghéill sé.

Bhí hata crua agus casóg eireabaill istigh i gcupard mór sa bhaile. Le mo Dhaid Críona ba iad sular cailleadh é, fadó riamh. Chuir mé gan fhios iad amach ar lochta an stábla.
Bhí mé ar lorg bróg, leis, le cur orm, ach ní raibh aon phéire sa teach nach dtitfeadh de mo chosa ach péire de bhróga deasa leaistice le Mam a bhí os cionn an iarta ar chlár aici. Chuir mé mo shúil orthu sin, ach d'fhág mé mar a raibh siad go maidin iad ar eagla go mbraithfeadh Mam an drochfhuadar.
Dhein mé aghaidh fidil as beibe le Cáit agus thóg mé a raibh de ribíní sa bhoiscín aici agus chuir mé ar an hata iad. Fuair mé píce agus cheangail mé tor cuilinn ar a bharr agus nead istigh ina lár, de chaonach.
Ó ba mise an captaen, níor mhór dom claíomh dar ndóigh. Ní raibh aon chlaíomh sa teach riamh againne, ná ag aon duine ar an mbaile - ná gnó acu de - agus d'fhág sin mise i dtaobh le claíomh adhmaid a dhein mé de chláirín. Thairneáil mé píosa beag sé órlach trasna air in aice mo láimhe.

Nuair a bhí m'éide féin faighte agamsa chuaigh mé ar lorg culaith óinsí do Thadhg Learaí Bhig. Ní raibh aon ní oiriúnach le fáil ach éadach le Cáit, agus bhí mé i gcás idir dhá chomhairle cad a dhéanfainn. Chuardaigh mé seomra Mham ach ní raibh aon rud ann a bhféadfadh Tadhg é chaitheamh.

48
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 48

Scéalta