Bhí an scéal ag déanamh tinnis dom agus sinn ag dul a chodladh.
Nuair a bhí an Choróin Mhuire á rá againn thug Mam greasáil eile dom mar nach ndúirt mé
ach seacht gcinn den deichniúr. Ní fheadarsa an ndúirt mé nó nach ndúirt i gceart iad mar,
go maithe Dia dom é! ní orthu bhí mé ag cuimhneamh ach ar chulaith do Thadhg Learaí Bhig.
D'éirigh mé roimh an gcuid eile den teach ar maidin. Bhuail mé na bróga leaistice faoi m'ascail.
Ansin chuaigh mé go dtí seomra Cháit is chuardaigh mé arís do chulaith i gcomhair Thaidhg. Phrioc an tÁibhirseoir mé sa deireadh agus thug mé liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amach tríd an bhfuinneoig liom go dtí an stábla.

Chuir mé orm, mo chulaith Dreoilín - na bróga leaistice agus an chasóg eireabaill agus an hata caroline agus ribíní Cháit ar sileadh leis. Bhuail mé orm an aghaidh fidil ansin agus mo chrios agus mo chlaíomh, agus deirimse leat, a dheartháir, go raibh cuma chaptaen Dreoilín orm má bhí sé ar aon duine riamh.
D'imigh mé ansin ar lorg na coda eile. Bhí siad ag teacht, duine ar dhuine, agus níor aithin oiread agus duine acu mé, a mhic ó! gur bhain mé an aghaidh fidil díom.
Thugamar tamall maith ag feistiú a chéile sula rabhamar ullamh. Nuair tháinig Tadhg Learaí Bhig chrom mé ar éadach Cháit a chur air. Ach bhí ceataí sa scéal—ní rachadh éadach Cháit ar Thadhg gan Tadhg do bhaint a choda féin de—rud nár thaitin in aon chor leis.

49
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 49

Scéalta