Mhuise, slán beo le seana-Thadhg," ar sise, "agus ní hí sin an chrích ba mhaith leis ar a chasóig ghreanta."
"Dhé! ní fearr díomhaoin í," arsa mise, agus laochas orm.
"Maróidh do mháthair thú," arsa Máire Aindí.
Am bhriathar gur bhain an méid a dúirt sí cuid den bhfuadar díom. Bhí an t-olc á thuar dom cheana féin. B'fhearr liom go bhfágfainn i mo dhiaidh libhiré mo shean-athar. Chonaic Máire Aindí gur ghoill a caint orm.
"Féach, a Nell," ar sise, "gheobhaidh tú réal sa sparán sin thíos agus tabhair do na buachaillí í."
Chuaigh Nell go dtí an sparán ach ní réal a thug sí dúinn ach scilling. Ansin thug sí stráice aráin an duine dúinn agus bhí rísíní ann. Is maith liom féin Nell.
Thugamar turas ar na tithe eile sa bhaile i ndiaidh a chéile ach d'fhág mé ár dteachna ar deireadh. An rud a dúirt Máire Aindí i dtaobh culaith mo Dhaid Chríona, agus i dtaobh na feirge bheadh ar Mham - sin é choinnigh ón teach mé. Ní baol ná go n-aithneodh Mam an chasóg eireabaill agus an hata, agus d'fhágfadh sin an Dreoilín gan chaptaen.
Is é dhein mé sa deireadh ná an chuid eile a chur go dtí an teach agus fanacht mé féin sa bhóithrín. Bhí seans go bhfaighidís scilling ó Mham mura bhfeiceadh sí mise ina dteannta.
Bhuel! a dheartháir, is maith a scar mé leis agus gan dul leo. Chonaic mé iad go léir ag dul an doras isteach agus na gléasanna ceoil ar séideadh acu.

52
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 52

Scéalta