Chrom Beit ar rince í féin, istigh i lár an fháinne, agus ba shin é an t-iontas: prompsáil Bheit a fheiscint!
Bhí gearranáil uirthi nuair a stad sí agus b'éigean di suí.
"Ara mhuise is tréan na buachaillí sibh," ar sise.
"Cait chugainn dom airgid," arsa sinne, mar b'fhearr linn é sin ná aon phlámás.
"Airgead an ea?" ar sise. "Och, sibh na rógairí agam!" Agus bhí sí ag gáire ag dul go dtí an driosúr. Tá Beit an-bheathaithe agus nuair a gháireann sí bíonn sí ar fad ag crith agus ansin ní fhéadfása gan bheith ag gáire tú féin.
Thóg sí sean-mhuga den driosúr agus fuair sí dhá thoistiún rua ann agus thug sí dúinn iad. Dheineamar greas eile ceoil ansin di agus babhta rince agus d'imíomar.
Chuamar go tigh Mhicilín Eoin agus fuaireamar réal ann. As sin linn go tigh Thaidhg Óig. Bhí Tadhg Óg istigh agus bhí sé ag magadh fúinn agus á rá nach raibh ceol ná rince againn; ach nuair a bhíomar ag imeacht thug sé scilling dúinn agus thug bean a dhearthár réal dúinn.
Nuair thángamar go tigh Mháire Aindí bhí angheoin againn. Úrlár leac atá ann, tá 'fhios agat, agus dheineamar cnagarnach bhreá air ag rince. Nuair a chuala an madra mór atá acu an ceol shuigh sé ar a chorragiob agus chuir sé a shrón san aer agus d'oscail a bhéal agus bhí ag cur glamanna móra brónacha ceoil as i dtreo is go gceapfá go raibh gach madra riamh dár bhain leis marbh. Bhí Nell ag iarraidh sinn a aithint. Chaith a mháthair amhras láithreach orm fein.

51
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 51

Scéalta