Stad gáire Mháire Aindí agus tháinig cuma mhíchéatach uirthi nuair fhéach sí sa chúinne ar lorg rud éigin.
Lena linn sin d'fhéach Nell ar Thadhg agus bhagair a ceann chun an dorais.
"Téanam ort," arsa mise, agus tháinig.
Ba mhór an misneach orm é an bheirt a bheith faram agus mé ag dul go dtí an teach. Ghabhamar an bóithrín - mise ar tosach agus iadsan i mo dhiaidh.
D'fhan siad sin i ndoras an stábla a fhad a bhí mise ag dul ar an lochta ar lorg mo chuid éadaigh féin agus á chur orm.
Nuair tháinig mé arís chucu ghluaiseamar chun an tí. Ní mise bhí ar tosach an babhta seo, am baic! Is i gcoinne mo chos a bhí mé ag dul ann, a dhuine.
"Ná bíodh aon drochmhisneach ort, a bhuachaill," arsa Nell liom. "Siúil leat."
"Ní ligfidh tú di mé mharú ar fad, a Nell," arsa mise.
"Ní ligfidh mé," arsa Nell. "Croith suas tú féin."
Thug mé mé féin suas do Dhia agus do Mhuire, agus rug mé greim ar ghúna Nell agus chuaigh mé thar dhoras isteach ina diaidh.
Bhí Mam ina suí ag ceann an bhoird, agus Daid le hais na tine, agus Cáit imithe a chodladh, is dócha. Nuair chuaigh mé isteach d'fhéach Mam orm. Chloisfeá biorán dá dtiteadh. Stad mo chroí agus m'anáil agus chrom rud éigin i gcolpaí mo chos ar chrith agus mheas mé go dtitfinn.
"Tháinig tú," ar sise.

59
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 59

Scéalta